Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Nuair a d’fhág James an scoil, chuaigh sé chun an Ráibeáil ar an tSrath Bán agus fostaíodh é le feirmeoir i nDroichead an Phlum (Plumbridge) ar £1 sa tseachtain ar feadh sé mhí. Coolmore’s farm a bhí ann. Ag obair ó 6 a chlog ar maidín leis na ba a bhlí an chéad rud. | 00:03:08 | |
D’imigh James go Coventry, Sasana mar bhí deirfiúr s’aige thall ansin. Fuair sé obair sna mianaigh guail ag 18 mbliana d’aois – chaithfeá deich slata a dhéanamh sa lá sula bhfuair tú bonus. Ba é an rogha a bhí aige ná dul síos sna mianaigh nó dul isteach in arm na Breataine. Chaith sé ceithre nó cúig bliana ar an obair sin, go dtí go raibh an cogadh thart. | 00:02:21 | |
Phill James, a bhean agus a gcuid bpáistí chun an bhaile go Béal an Átha Móir ansin agus thosaigh sé ar obair talmhaíochta. Cheannaigh sé tarracóir agus thosaigh sé ar threabh do na comharsanaigh agus shaothraigh a bheatha mar sin ar feadh tamaill. Thosaigh sé ag obair leis an ‘fhoraoiseacht’ (forestry) [an Roinn Foraoiseachta] agus chaith sé cúig bliana déag ag gabháil don obair sin go dtí gur gortaíodh é i 1980 agus d’éirigh sé as. | 00:01:29 | |
Bhunaigh sé féin agus a chuid mac Páidí agus Peadar muileann adhmaid agus tá an gnó sin ag gabháil go sár-mhaith ar fad. Tá beirt mhac de chuid James sa ghnó sin anois. Níonn siad poist adhmaid. | 00:04:11 | |
In 1895, bhí uncail James ag obair ar ‘Bhóthar an Iarainn’ agus ba 10 scillinge sa tseachtain a phá. Obair chrua a bhí ann. | 00:02:36 | |
Ag obair in Sasana, ag obair sna mianaigh guail a bhí sé. Cur síos ar an dóigh a thosaigh sé ar an obair seo, thug na gardaí rogha do nuair a thóg siad é, é sin nó an t-arm. Chuaigh sé faoin talamh.
In Derbyshire a bhí sé nuair a chuaigh sé anonn an darna uair. Bhí teach aige agus tonna guail saor in aisce achan mhí mar go raibh sé ag obair sna mianaigh.
Cuntas maith ar an obair ansin, bhí obair chrua ann.
Timpistí a tharla ansin fosta, fir a raibh aithne aige orthu.
Mar a bhí siad ag tabhairt amach an ghuail as na mianaigh. Bhí scaifte mór ag obair ansin san am sin. Bhí ceithre scór beithígh acu thíos sna mianaigh ach ní mhairfeadh siad i bhfad.
Ag obair ar a mbolg a bheadh siad ina luí agus iad ag obair.An t-éadach agus clogaid a bhíodh orthu. Ní raibh a ghoile rómhaith agus chuir an dochtúir an locht ar an obair a bhí sé ag déanamh.
Chuirtí éan bag síos sna mianaigh le feiceáil caidé an méid gáis a bhí iontu. Bhí daoine deasa ag obair leis. Ba don “National Coal Board” a d'oibir sé. Bhí pá de chúig phunt sa lá (sa seift) aige. | 00:19:52 | |